(Sraith 7: 07/10) Cuirtear síos sa chlár seo ar Sheán Óg de Paor, a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó ag imirt peile do Ghaillimh. Níl sé i bhfad ó d'éirigh Seán as an bpeil agus breathnóimid ar an méid atá bainte amach aige. Beidh John O'Mahony, Seán Ó Domhnaill, Garry Mac Donnacha agus Máirín Ní Ghadhra ag caint ar an gclár seo.